Home Irish Language An tOireachtas Literary Comp Winners Announced

An tOireachtas Literary Comp Winners Announced

27 Deireadh Fómhair 

Buaiteoirí Chomórtais Liteartha an Oireachtais 2020 Fógartha

D’fhógair An tOireachtas inniu (27 Deireadh Fómhair 2020), ag ócáid ar líne, Buaiteoirí Chomórtais Liteartha an Oireachtais 2020. Fiche trí (23) comórtas a bhí ar shiollabas na bliana seo – cúig déag (15) acu sin dírithe ar scríbhneoirí fásta agus ocht gcinn (8) dírithe ar scríbhneoirí óga. Bhí réimse leathan seánraí i gceist ar an siollabas comórtais, iad seo ina measc: úrscéal, gearrscéal, ficsean d’fhoghlaimeoirí fásta, prós, filíocht, drámaíocht agus eile. Bronnadh duaischiste de €27,000 thar na comórtais uile.

I measc na mbuaiteoirí ar na comórtais mhóra i mbliana, bhí Tadhg Mac Dhonnagáin dá shaothar Madame Lazare a bhuaigh an chéad duais sa chomórtas, Úrscéal – Ficsean GinearáltaFeargal Ó Béarra dá shaothar Buile a bhuaigh an comórtas Saothar Próis agus Oilithreacht na gCríoch Déanach le Pádraig Mac Fhearghusa, a bhuaigh an comórtas Cnuasach Filíochta. Tá liosta iomlán na mbuaiteoirí ar fáil thíos.

“Déanaim comhghairdeas leis na scríbhneoirí ar fad ar bhain duais amach i mbliana”, a dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. “Tá tábhacht faoi leith ag baint leis na comórtais liteartha agus muid ag iarraidh freastal ar an ngréasán scríbhneoirí ar fud an domhain agus litríocht agus nua-scríbhneoireacht na Gaeilge a chur chun cinn chomh maith le scríbhneoirí óga nua a mhealladh le dul i mbun pinn.   Gabhaim buíochas lenár bpainéal moltóirí, le Foras na Gaeilge agus lenár n-urraitheoirí ar fad a thug tacaíocht dúinn arís i mbliana.”

Fógraíodh Buaiteoirí na gComórtas Liteartha mar chuid de cheiliúradh Oireachtas na Samhna 2020 ar líne. Leanfar leis an gceiliúradh ar scríbhneoirí agus ar fhilí na Gaeilge sa chlár imeachtaí atá beartaithe i rith na féile, ina measc, Club Leabhar an Ghúim le hAlan Titley, Seoladh an Fhoclóra nua, An Chúirt Filíochta, Léamha Próis – SLIOCHT agus ceiliúradh 35 bliain de Chló Iar-Chonnacht.

Tá gach eolas maidir le himeachtaí uile na féile ar fáil ar an suíomh gréasáin, www.antoireachtas.ie.


27 October 2020

Winners of the 2020 Oireachtas Literary Competitions Announced

An tOireachtas announced today (27 October 2020), at an online event, the winners of this year’s Literary Competitions.  This year’s syllabus comprised of twenty three (23) competitions – fifteen (15) for adult writers and eight (8) for young writers. Genres included general fiction (short story and novel) prose, poetry, drama and more. A collective prize fund of €27,000 was awarded.

Amongst this year’s winners were Tadhg Mac Dhonnagáin who won first prize in the General Fiction category for his novel, Madame LazareFeargal Ó Béarra’s work Buile won the Prose competition and Oilithreacht na gCríoch Déanach by Pádraig Mac Fhearghusa won the Poetry Collection competition. Details of all winners are available below.

 “I wish to congratulate all of the writers who received prizes this year”, said Liam Ó Maolaodha, National Director of An tOireachtas. “The Literary Competitions play an important role in the lives of many writers and we, as an organisation, strive to optimise opportunities for the network of Irish writers worldwide, to promote Irish literature and new Irish writing among writers of all ages. I would like to sincerely thank our judging panel as well as Foras na Gaeilge and all our competition sponsors for their support again this year.”

The Winners of the Literary Competitions were announced as part of the Oireachtas na Samhna 2020 online festival. The celebration of Irish-Language writers and poets will continue throughout the week with a host of not to be missed events, including, An Gúm Book Club with Alan Titley, the launch of the Concise English-Irish DictionaryAn Chúirt Filíochta, Prose Readings – SLIOCHT and the 35th anniversary celebrations of publishing house, Cló Iar-Chonnacht.

Up to date information regarding the festival schedule of events is available on our website, www.antoireachtas.ie