
Caithreim agus Toir
Ceapadh gur imigh an cumas cruthaitheachta as an bhFiannaíocht uair éigin sa naoú haois déag. Is é sin nach mbeadh inti feasta ach aithris. Ní raibh a fhios ag an traidisiún go mbeadh Eithne Ní Ghallchobair ann. Is fada cáil uirthi mar scéalaí agus mar fhile ach annamh a nasctar iad mar a dhéantar anseo. Is laoithe Fiannaíochta ina steille bheatha gach a bhfuil sa saothar fileata scéalaíochta seo, laoithe arb iad an dúchas fairsing is damhna dóibh, ach a bhfuil feisteas úrnua, culaith éadaigh de fhriotal líofa ár linne curtha go binn orthu.
Eithne Ni Ghallchobhair
- Arlen House
- 9781851323265
- 144 pages
- Paperback
- Ireland
- Poetry by individual poets