Gradaim Foilsitheoireachta Oireachtas na Gaeilge
Tá ríméad croí ar an teach foilsitheoireachta Futa Fata go bhfuil leabhair dá gcuid ainmnithe ar an ngearrliosta i mbliana do gach aon cheann de thrí Ghradam Foilsitheoireachta an Oireachtais.
Trí theideal san iomlán de chuid Futa Fata atá ainmnithe ar ghearrliosta Ghradam Réics Carló mar aon le teideal amháin an ceann ar ghearrliosta Ghradam de Bhaldraithe agus ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin.
Is iad na leabhair de chuid Futa Fata atá san iomaíocht i mbliana do Ghradam Réics Carló ná an pictiúrleabhar álainn Gealach agus Grian le Muireann Ní Chíobháin agus Brian Fitzgerald; an t-úrscéal gairid An Mac Tíre Deireanach le Patricia Forde, maisithe ag Lauren O’Neill; agus Na Trí Mhuicín le hÁine Ní Ghlinn, maisithe ag Paddy Donnelly, athchóiriú fileata ar cheann de na clasaicí. Ar ndóigh, in éineacht leis an údar Fearghas Mac Lochlainn, rug Paddy Donnelly leis Gradam Réics Carló in 2022 do An Slipéar Gloine, an chéad leabhar i sraith Futa Fata d’athinsintí véarsaíochta ar shíscéalta clasaiceacha.
Ar ghearrliosta Ghradam de Bhaldraithe ansin tá Heartstopper le Alice Oseman, aistrithe ag Eoin Mc Evoy. Is é seo an chéad leabhar do dhéagóirí 12+ atá foilsithe ag Futa Fata agus tá ag éirí thar cionn leis ó foilsíodh é i mí an Mheithimh. Tá sáraistriúchán déanta ag Eoin agus tá áthas an domhain orainn go bhfuil an t-aitheantas seo bainte ag an leabhar.
Sna sála orthu sin ar fad tá Solas Geimhridh, a d’fhoilsigh Futa Fata faoina n-inphrionta do dhaoine fásta, Barzaz. Is é Solas Geimhridh céadchnuasach filíochta Laoighseach Ní Choisdealbha, agus bhain sé ardmholadh amach nuair a foilsíodh é an fómhar seo caite:
‘A leithéid de chéad chnuasach! Faoiseamh is cneasú le fáil as Solas Geimhridh gléineach Laoighseach Ní Choistealbha. Lig dó scaladh ort.‘—Máire Ní Fhinneadha, Tuarisic.ie.
“Is léir ó chéad chnuasach Laoighseach Ní Choisdealbha go bhfuil a laí féin aici agus í ag obair léi sa ghort céanna a threabh Máire Mhac an tSaoi…”—Celia de Fréine, Comhar.
Tá ríméad orainn go raibh an meas céanna ag moltóirí na nGradam Foilsitheoireachta ar Solas Geimhridh agus gur ainmníodh é ar an ngearrliosta.
Guíonn muid gach rath ar na tithe foilsitheoireachta, na húdair, na maisitheoirí agus na haistritheoirí eile atá ainmnithe.
Fógrófar na buaiteoirí ag ócáid bhronnta ag deireadh mhí Mheán Fómhair.
Gabhann Futa Fata agus Barzaz buíochas leis na maoinitheoirí a thacaíonn lenár gcuid oibre, Foras na Gaeilge, COGG agus an Chomhairle Ealaíon.