An Tiarna George Hill agus Pobal Ghaoth Dobhair|Cathal Póirtéir|Cló Iar-Chonnacht
Léirmheas le Dónall P. Ó Baoill ar An Tiarna George Hill agus Pobal Ghaoth Dobhair le Cathal Póirtéir
Dónall P. Ó Baoill, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste
Tá an leabhar seo ar cheann de na leabhair is tábhachtaí a foilsíodh go dtí seo faoi aon tiarna talaimh de chuid na naoú haoise déag. Bhí caint agus iomrá go leor ariamh ar an Tiarna George Hill i bparóiste Ghaoth Dobhair agus i gceantair eile in Iarthuisceart Dún na nGall. Scéal eile anois é ó foilsíodh an leabhar seo ag Cathal Póirtéir.
Rinne an t-údar taighde domhain agus leitheadach ar shaol an Tiarna George Hill ó rugadh é in 1801 go bhfuair sé bás in 1879. Tá 400 leathanach sa leabhar agus an t-eolas uilig bunaithe ar bhunfhoinsí. Tá fuíoll eolais againn anois a dtig linn brath air go hiomlán. Is fúinn féin atá sé breithiúnas a thabhairt ar an fhianaise. Tá dhá chaibidil déag sa leabhar le cois aguisíní, nótaí agus foinsí.
Tá an leabhar seo ar cheann de na leabhair is tábhachtaí a foilsíodh go dtí seo faoi aon tiarna talaimh de chuid na naoú haoise déag
Tá cur síos breá sna chéad trí chaibidil ar óige, ar oideachas agus ar chúlra an Tiarna George Hill agus léiríonn an tuairisc sin chomh héagsúil agus a bhí sé i meon aigne le tionóntaithe Ghaoth Dobhair. Múnlaíodh an dearcadh saoil a bhí aige ar an iliomad bealaí. Tá a lorg sin le feiceáil go láidir ar go leor den obair agus den saothar a tharraing sé air féin mar Thiarna Talaimh – an bhéim a chuir sé ar nuálaíocht, ar dhianbhainistíocht agus ar sheiftiúlacht. Tharraing seo achrann agus trioblóid go leor air féin ó mhuintir na háite ach sheas sé lena thuairimí agus d’éirigh leis mórán a bhaint amach. Athruithe chun feabhais an mana a bhí aige.
Bhí rud eile a rinne sé a tharraing aird na ndaoine air – d’fhoghlaim sé an Ghaeilge go réasúnta maith is cosúil agus d’foghlaim a chlann í.
Áit bhocht iargúlta a bhí i nGaoth Dobhair roimh theacht George Hill ach charbh fhada go dtáinig athrú mór air sin agus go háirithe ar dhreach na háite. Chuir an Gorta Mór casadh eile ina shaol ach chaith sé go maith leis na tionóntaithe lena linn agus ina dhiaidh sin nuair a tháinig ganntanais eile orthu. Bhí sé sáite go mór i gCoistí Fóirithinte. Char cuireadh tionóntaithe ar bith as seilbh a gcuid talaimh go buan.
Bhí rud eile a rinne sé a tharraing aird na ndaoine air – d’fhoghlaim sé an Ghaeilge go réasúnta maith is cosúil agus d’foghlaim a chlann í.
Ó na 1850í ar aghaidh, thosaigh achrann a dtugtar Cogadh na gCaorach air. Caoirigh as Albain a thug Tiarnaí Talaimh isteach agus chaill tionóntaithe stráicí móra dá gcuid talaimh innilte. Ba mheasa ná sin é nuair a cailleadh agus maraíodh caoirigh, Cuireadh cáin ar na tionóntaithe. Is léir go raibh rógaireacht agus mí-ionraiceas ar siúl.
Idir sin agus gortaí beaga eile a tharla sna 1850í, ba é a dheireadh gur cuireadh cás na bochtaineachta in éadan na dTiarnaí Talaimh chomh fada le Westminster i samhradh na bliana 1858. Cé gur chaill na tionóntaithe a gcás, thosaigh cumhacht na dTiarnaí Talaimh ag meath ina dhiaidh sin. Agus ba mar sin do chás an Tiarna George Hill. Tháinig easpa misnigh air, gabhaim orm!
Is léir in amanna mar sin féin go raibh col ag an Tiarna George cead a gcinn a thabhairt do thionóntaithe a mbíodh fonn orthu gnó beag dá gcuid féin a bhunú cé acu siopa é nó teach tábhairne nó a leithéid eile. Bhí sé in éadan déanamh an phóitín fosta cibé ar bith cúis a bhí aige leis.
Is fiú go mór fosta comparáid a dhéanamh idir na tuairiscí a d’fhág cuairteoirí i Leabhar na gCuairteoirí a bhíodh san Óstán agus a raibh le rá ag tionóntaithe agus tuairisceoirí eile ag an tráth céanna.
Cúireann Póirtéir na fíricí uilig os ár gcomhair agus fágann sé na breithiúnais atá le déanamh ar a mbíonn scríofa aige, faoin léitheoir. Ní beag sin mar thús.
Tá an t-údar le moladh go hard as an tsaothar a chaith sé le soláthar an leabhair seo. Tá doimhneacht taighde taobh thiar den obair agus an mhórchuid di bunaithe ar bunfhoinsí nach raibh teacht ag duine ar bith orthu go dtí seo, gan trácht ar iad a chur i láthair an phobail. Ta téacs an leabhair soiléir agus dea-scríofa i nGaeilge atá sothuigthe agus i réim atá an-inghlactha. Tá scéal an Tiarna George Hill curtha i ndiaidh a chéile ar bhealach a thugann chun solais meon, dearcadh agus modh oibre George Hill agus léiriú tugtha gur ina óige a múnlaíodh a phearsantacht agus a iompar.
Cúireann Póirtéir na fíricí uilig os ár gcomhair agus fágann sé na breithiúnais atá le déanamh ar a mbíonn scríofa aige, faoin léitheoir. Ní beag sin mar thús.
Scéal inspéise é an dtiocfaidh athrú suntasach ar dhearcadh phobal Ghaoth Dobhair anois faoin Tiarna George Hill. Má thig, tá obair mhaith déanta.